Fúinn

About Us

Grainne Nic Niallais

Oifigeach Pleanála Teanga
Language Planning Officer

Oifig Pleanála Teanga BSG An Chlocháin Léith

Dungloe Gaeltacht Service Town Language Office

Pleanáil Teanga

Language Planning

Cad is pleanáil teanga ann?

Is próiseas é an phleanáil teanga a bhfuil sé mar aidhm aige tionchar a imirt ar nósanna teanga an phobail. Tá saolré de sheacht mbliana ag an phlean teanga seo agus is é seo a leanas a phríomhaidhm:
“An Ghaeilge a chothú agus a chur chun cinn i saol eacnamaíochta an bhaile trí ghnólachtaí, soláthróirí seirbhísí agus eagraíochtaí pobail ar an bhaile a spreagadh le tuilleadh Gaeilge a úsáid le freastal ar phobal Gaeilge iarthuaisceart na condae.”

What is Language Planning?

Language planning is a process which aims to influence the community's language behaviour. This plan will be implemented over a seven year period and its primary aim is:
"To foster and promote the Irish language in the economic life of the town by encouraging businesses, service providers and community organisations in the town to use more Irish to serve the Irish-speaking community of the North-west of the county"

Cad is Baile Seirbhíse Gaeltachta ann?

Is éard atá i gceist le Baile Seirbhíse Gaeltachta ná baile atá suite i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta nó taobh leis agus a bhfuil ról suntasach aige maidir le seirbhísí poiblí, saoráidí áineasa, sóisialta agus tráchtála a sholáthar do na pobail sa limistéar sin. Faoi Acht na Gaeltachta 2012, caithfidh daonra de 1,000 duine ar a laghad a bheith i mbaile, de réir an daonáirimh is deireanaí, chun gur féidir é a áireamh mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta.

What Is a gaeltacht Service Town?

A Gaeltacht Service Town is a town with a population of at least 1,000, is in or adjacent to a Gaeltacht Planning Area and has a prominent role in providing public services as well as recreational, social and commercial facilities to the area.

Ní neart go cur le chéile

There is no strength like co-operation

Baile Seirbhíse Gaeltachta

Gaeltacht Service Town

Tá tábhacht faoi leith leis an Chlochán Liath siocair go dtagann daoine ó chúig LPT eile in iarthuaisceart Dhún na nGall a fhad leis agus iad ag siopadóireacht agus ag lorg seirbhísí stáit agus poiblí. Mar gheall air seo tá sé tábhachtach seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge.

Dungloe is of particular importance as a commercial town as people from five other Gaeltacht areas in North-west Donegal travel there to shop and avail of state and public services. Therefore, it is essential to provide Irish language services to those who wish to avail of it in order to enhance their customer experience.

Is Leatsa An Ghaeilge

it's Your Language

Ról na Ceanneagraíochta & an Choiste Stiúrtha Pleanála Teanga i gcomhar leis an Oifigeach Pleanála Teanga (OPT)

Beidh Forbairt na Rosann CTR. mar cheanneagraíocht freagrach as maoirsiú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an phlean teanga. Is é an coiste stiúrtha pleanála a bheidh freagrach as cinntiú go bhfuil ionchur leanúnach ón phobal ann i gcur i bhfeidhm an phlean teanga agus le tacaíocht a thabhairt don OPT ar na gníomhaíochtaí atá de dhíth leis an phlean teanga a chur i bhfeidhm.

The role of the Lead Organisation & the Language Planning Steering Committee in conjunction with the Language Planning Officer (LPO)

Forbairt na Rosann CTR. as the lead organisation will be responsible for supervising the implementation of the language plan. The planning steering committee will be responsible for ensuring continuous input from the public in the implementation of the language plan and for supporting the LPO